Notifications
You must be signed in to change notification settings - Fork 7

index.html
77 lines (72 loc) · 3.79 KB

index.html
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77

Seo é leathanach baile GaelSpell, litreoir cumhachtach don Ghaeilge
atá ar fáil saor in aisce ó 2000.
Aithníonn sé níos mó ná 390,000 focal Gaeilge faoi láthair, agus
cuirimid focail nua leis ar bhonn leanúnach.
Má fheiceann tú aon fhocal atá in easnamh,
fearaimid fáilte roimh mholtaí ón bpobal.

Is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál ríomhaire
(Linux, Mac, nó Windows),
nó fiú i do bhrabhsálaí Gréasáin trí
chomhéadan deas
a rinne Michal Boleslav Měchura, bunaithe ar
sheirbhís Ghréasáin GaelSpell.
Féach ar an leathanach
Íoslódáil chun tuilleadh
eolais a fháil agus an leagan is feiliúnaí a íoslódáil.

Is ríomhchlár “foinse oscailte” é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas
GPLv2.
Tá an cód agus na sonraí go léir a bhaineann leis an litreoir
ar fáil ónár suíomh forbartha ar
Github.

Ar ndóigh, toisc gur litreoir é, seiceálann sé an litriú
seachas an ghramadach agus ní bhacann sé leis an gcomhthéacs in aon chor;
m.sh. glacann sé le “mo máthair” agus “mo cuid Gaeilge”.
Má tá tú ag iarraidh botúin den sórt seo a ruaigeadh, caith súil ar an
seiceálaí gramadaí An Gramadóir.

Gnéithe

Carn Mór Focal. Tá níos mó ná 360,000 focal sa mbunachar sonraí
atá taobh thiar de GaelSpell, agus dá bharr sin glacann sé le níos mó
ná 96% de na focail i ngnáth-théacsanna Gaeilge,
ainmneacha pearsanta agus logainmneacha
san áireamh. Is ionann é seo agus foclóir ina bhfuil
timpeall is 39,000 ceannfhocal — sin trí huaire níos mó ná gnáthfhoclóir
póca (m.sh. foclóir Collins Gem nó Oxford).

Cuimsitheacht ó thaobh gramadaí. Scríobh mé ríomhchlár a ghineann
gach foirm infhillte de cheannfhocal, bunaithe ar bheagán eolais
gramadaí. Mar shampla, tá an ceannfhocal fuaimnigh
sa mbunachar sonraí mar bhriathar den dara díochlaonadh, agus
cuireann an ríomhchlár seo níos mó ná 80 foirm infhillte
leis an bpríomhliosta focal (na haimsirí éagsúla, chomh maith le séimhiú,
urú, réimír “d'”, srl.)

Cruinneas. Níl ach riail dhosháraithe amháin ann nuair a
fhorbraítear litreoir: ná lig aon fhocal mílitrithe isteach sa mbunliosta
focal! Dheimhnigh mé gach ceannfhocal i mbunachar sonraí GaelSpell
in éadan foclóirí priontáilte, agus rinne mé tástáil chuimsitheach
ar an ríomhchlár a ghineann foirmeacha infhillte freisin.

Nuashonruithe Rialta. Déanaim nuashonruithe ar an litreoir
ar bhonn rialta, agus leanfaidh mé ar aghaidh leis seo go ceann
tamall fada. Bailím ábhar nua don litreoir mar chuid den tionscadal
Crúbadán;
úsáidim ransaitheoir Gréasáin agus modhanna staitisticiúla chun
focail nua a aimsiú. Is bealach éifeachtach é seo le coinneáil cothrom
le dáta leis na téarmaí is déanaí ar líne.

Tacaíocht foghraíochta (aspell amháin). Déanann an comhad
gaeilge_phonet.dat ionchódú “garbh” ar fhoghraíocht na Gaeilge.
Úsáideann aspell an t-ionchódú seo
chun moltaí níos cliste a thabhairt nuair a thagann sé ar fhocal mílitrithe.
Mar shampla,
ní thugann ispell aon mholadh don fhocal réamhchaighdeánach
imfhiosach,
ach úsáideann aspell an comhad foghraíochta chun an focal seo a
thrascríobh mar “*M*S*K”, agus sa chaoi sin an litriú ceart
iomasach a aithint agus a mholadh duit.